2013 – Rosie Scanlon

2013 – Rosie Scanlon

Class of 2013

 

Favourite Subject in School:

Thaitin an Ghaeilge go mór liom, ach bhí mo chroí i gcónaí i gceol agus stair freisin.

Memories of Loreto Crumlin:

Nuair a bhí mise ar scoil bhí mé páirteach i gcuile rud, bhí mé sa chór, ar fhoireann Green Schools, ar an bhfoireann peile, sna ceoldrámaí, ag na ciorcail cainte, rinne mé diaspóireachtaí i mBéarla agus i nGaeilge, d’fhreastal mé JPIC, rinne mé ‘Build a Bank’ san idirbhliain, rinne mé neart taispeántais do Sheachtain na Gaeilge, ghlach mé páirt i gceolchoirmeacha ag léamh filíochta, ag canadh, agus ag seinm na drummaí. Ní féidir liom cuimhne is fearr amháin a roghnú leis an méad sin cuimhní dochreidte agam.

My Journey Through Education:

Théis an ardteist a chríochnú d’fhreastal mé ar Ollscoil Mhá Nuad. Rinne mé fochéimí 3 bliana sa Ghaeilge agus sa cheol. Nuair a bhí sin déanta rinne mé an Maistreacht Gairimiúil san Oideachas i Má Nuad.

My Career Path:

Is múinteoir Gaeilge agus Ceoil anois mé agus is múinteoir mé le Coláiste Lurgan i rith an tsamhraidh. Taitníonn sé go mór liom agus tugann sé deiseanna dom bheith ag obair le heagraíochtaí difriúla – i mbliana d’iarr Conradh na Gaeilge orm cabhair a thabhairt dóibh a bhfeachtas Gaeilge24 a chur chun cinn ar mo chuntas múinteoireachta ar Instagram. Is breá liom bheith ag glacadh páirte in imeachtaí mar sin agus agus gach bhliain bím i gceannas ar Sheachtain na Gaeilge i mo scoil féin.