Seachtain na Gaeilge

Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge i mbliana, i dteannta leis an gceiliúradh agus comóradh Éirí Amach na Cásca 1916, idir 10ú –16ú Márta i mbliana. Seachtain eachtrúil a bhí ann, lán de spórt is spraoi agus ócáidí oideachasúla iontacha.

Emily Walsh
Emily Walsh
Katelyn Kavanagh
Katelyn Kavanagh

Bhí roinnt imeachtaí ar siúl sna ranganna ar nós comórtas póstaeir , cluichí BIONGÓ, seanfhocail agus tráth na gceist. Bhain gach duine an-sult as. Ar an gCéadaoin bhí CÉILÍ MÓR againn sa halla. Tráthnóna iontach a bhí ann a bhí lán de cheol, damhsa agus craic. Míle buíochas do na damhsóirí Gaelacha, Emily agus Katelyn, a rinne taispeáintas álainn ar an stáitse.

Chomh maith leis na himeachtaí seo rinneamar físeán, ‘Mise Éire’ (brú ar an nasc thíos), a cheiliúrann gnéithe éagsúla sochaí agus cultúr na tíre. Cothrom na Féinne daoibh uilig a ghlac páirt ar an lá.